Upcoming events.

Cán Amach É!!!!!
Oct
29
to 17 Dec

Cán Amach É!!!!!

Casadh, Comhrá, Ceol agus Craic! (Singing, chats and craic!)

Gach Céadaoin - Every Wednesday

Ionad Forbartha an Spidéil - H91XFE8

Beidh muid ag casadh amhráin ó na Dubliners, Delia Murphy, Johnny McEvoy, Dolores Keane, Mary Black agus mar sin de. Trí Ghaeilge agus i mBéarla. (Singing songs and ballads in Irish and English)

Everyone Welcome

View Event →
Con Tempo Sa Spidéal
Dec
7

Con Tempo Sa Spidéal

Tá Ceathairéad ConTempo ag feidhmiú mar Chónaitheacht Cheoil na Gallimhe le breis is scór bliain agus é mar phrionsabal acu go bhfuil sé de cheart ag chuile dhuine éisteacht le ceol, foghlaim faoi cheol agus sásamh a bhaint as ceol.

View Event →
Draíocht sa Spidéal
Dec
19
to 21 Dec

Draíocht sa Spidéal

Beidh an Spidéal beo le spraoi agus le draíocht na Nollag i mbliana le Draíocht sa Spidéal , faoi stiúir Chomhlacht Forbartha an Spidéil féile Nollag úrnua á seoladh ón 19–21 Nollaig i gClochar Éinde. Beidh an deireadh seachtaine lán le spraoi pobail, ceardaíocht áitiúil, agus atmaisféar fíor-dhraíochta na Nollag.

Tosóidh an fhéile le Soilsiú an Chrann Nollag ar Aoine, an 19 Nollaig ag 7pm, le deochanna agus sólaistí beaga ar fáil ina dhiaidh. Beidh margadh ceardaíochta áitiúil, ceol beo, agus bia blasta againn ar feadh an deireadh seachtaine.

I measc na n-imeachtaí is mó a mbeidh fáilte rompu, beidh deis ag páistí Bóthar na Maide Milse a aimsiú, Daidí na Nollag a fheiceáil, agus brontannas beag a fháil. Beidh seacláid te, spraoi teaghlaigh, agus atmaisféar teolaí ag fanacht le gach duine!

Tá áthas orainn a fhógairt go mbeidh na sliotáin do Santaí ar fáil don phobal le cur in áirithe ó Luan, an 17 Samhain. Tá líon teoranta áiteanna ann, mar sin moltar do chách áirithint a dhéanamh go luath!

Ní bheadh an ceiliúradh seo indéanta gan tacaíocht ár gcomhpháirtithe pobail:
Údarás na Gaeltachta, Fóram Chois Fharraige, Gaeilge Mhaigh Cuilinn, Forbairt Pobail Mhaigh Cuilinn, Tuismitheoirí na Gaeltachta agus Fiontar na Gréine Teoranta.

Gabhaimid buíochas speisialta freisin leis na hurraitheoirí flaithiúla a chuir duaiseanna breátha ar fáil:
Óstan Chois Fharraige, Harvey Norman, Slemons, agus Aer Arann Islands.

Uaireanta Oscailte:

Aoine, 19 Nollaig: 12:00pm – 7pm Seoladh oifigiúil

Satharn, 20 Nollaig: 12:00pm – 7:00pm
Domhnach, 21 Nollaig: 10am – 4:00pm

An Spidéal will come alive with festive spirit this year as Draíocht an Spidéil, a brand-new Christmas festival, launches from December 19th–21st at Clochar Éinde. The weekend will be filled with community fun, local crafts, and the true magic of Christmas.

The festival will begin with the Christmas Tree Lighting Ceremony on Friday, December 19th at 7pm, followed by light refreshments. Across the weekend, visitors can enjoy a local craft market, live carol singing, and delicious festive food.

Children can explore Candy Cane Lane, meet Santa, and receive a small gift – all while soaking up the warmth of Christmas in the heart of Connemara.

Santa visit slots will be available to book for the general public from Monday, November 17th. Spaces are limited, so early booking is advised!

This celebration would not be possible without the support of our community partners:
Údarás na Gaeltachta, Fóram Chois Fharraige, Gaeilge Mhaigh Cuilinn, Forbairt Pobail Mhaigh Cuilinn, Tuismitheoirí na Gaeltachta and Fiontar na Gréine Teoranta.

We also wish to extend special thanks to our generous sponsors for providing spot prizes:
Connemara Coast Hotel, Harvey Norman, Slemons, and Aer Arann Islands.

Opening Hours:

Friday, December 19th: 12:00pm – 7pm Official Opening
Saturday, December 20th: 12:00pm – 7:00pm
Sunday, December 21st: 10am – 4:00pm

View Event →

Bút Nó Breab
Oct
31

Bút Nó Breab

Bút nó Breab - CLG an Spidéal 13.10.25

Bígí linn ag carrchlós CLG an Spidéal le Bút Nó Breab! Páirceáil agus maisiú na caranna 5.30 - 6in

Bob nó Breab ó charr go carr 6 - 7.30in

*Tugaígí libh neart milseáin agus treats. Spásanna páirceála teoranta.

View Event →
Féile John Ford
Sept
5
to 7 Sept

Féile John Ford

Is féile chultúrtha ar leith í Féile John Ford a bheas ar siúl ar an Spidéal, Co. na Gaillimhe.

Is féile í atá tiomnaithe do dhuine de na stiúrthóirí is mó cáil i Hollywood. Beidh an fhéile ar bun ón Aoine 5 Meán Fómhair go dtí an Domhnach an 7 Meán Fómhair 2025.

View Event →