Back to All Events

Féile John Ford


Is féile chultúrtha ar leith í Féile John Ford a bheas ar siúl ar an Spidéal, Co. na Gaillimhe.

Is féile í atá tiomnaithe do dhuine de na stiúrthóirí is mó cáil i Hollywood. Beidh an fhéile ar bun ón Aoine 5 Meán Fómhair go dtí an Domhnach an 7 Meán Fómhair 2025.

Ba faoin ainm John Martin O’ Feeney a rugadh John Ford i Portland Maine Lá Fhéile Bríde 1894. Ar imirce ansiúd a chuaigh a athair Seán Mháire Ó Féinneadha as an Tuar Beag atá buailte ar shráidbhaile an Spidéil agus a mháthair Bairbre ‘Aibí’ Ní Churraoin as an gCoill Rua, atá cúpla míle siar an bóthar uaidh.

Scéal le aithris is ea a ndearna Ford le linn a chuid ama i Holywood. Is aige is mó atá gradaim Oscar mar stiúrthóir scannán The Informer (1935), The Grapes of Wrath (1940), How Green Was My Valley (1941), The Quiet Man (1952) maraon le péire as na cláracha faisnéise The Battle of Midway (1942) agus December 7th (1943).

Tugann an Fhéile seo deis dúinn neadú a dhéanamh ar oidhreacht Ford anseo sa gceantar dar díobh é. 

Tá súil againn go spreagfar glúin nua scéalaithe i gCois Fharraige agus níos faide ó bhaile de bharr an cheiliúrtha seo ar shaothar éachtach John Ford.

Previous
Previous
27 July

Maidin Chaife