Tá Ceathairéad ConTempo ag feidhmiú mar Chónaitheacht Cheoil na Gallimhe le breis is scór bliain agus é mar phrionsabal acu go bhfuil sé de cheart ag chuile dhuine éisteacht le ceol, foghlaim faoi cheol agus sásamh a bhaint as ceol.
Chuige sin eagraíonn siad imeachtaí ceoil i rith na bliana sa gcathair agus sa gcontae.
An tráth seo bliana, is maith leis na hainmhithe dul chun suain, iad ag réiteach don earrach. Ar cheart dúinne an rud céanna a dhéanamh? Tugann Con Tempo i gcomhar le Comhlacht Forbartha an Spidéil cuireadh dúinn a bheith faoi shuain an geimhreadh seo le ceol an gheimhridh a chasfaidh siad dúinn i Halla Scoil Éinne sa Spidéal ar an Domhnach 7 Nollaig ag 3.30 i.n.
Ócáid saor in aisce é seo agus fáilte roimh chách. Níl le déanamh ach bualadh isteach!