Back to All Events
Féile bhliantúil í Féile Chois Fharraige, a bhíonn ar bun le linn na chéad seachtaine de mhí Dheireadh Fómhair.
Féile ilghnéitheach í don phobal ar fad, ó óg go haosta, ó na Forbacha go Ros a’ Mhíl, ina mbíonn deis buanna ⁊ cruthaitheacht an phobail a cheiliúradh.
Tá amhráin, ceol, ceardlann scríbhneoireachta, damhsa, scéalaíocht, scannán, siúlóid ⁊ taispeántais ar an gclár.
Beidh imeachtaí ar bun sna hIonaid Chúraim Leanaí agus sna hIonaid don Aosach freisin.